Skip to main content

This news post is more than 3 years old

Scoláireachtaí Foilsitheoireachta Léann na Gaeilge 2021

Tá Fochoiste na bhFoilseachán, Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach ag glacadh le hiarratais anois do Scoláireachtaí Foilsitheoireachta Léann na Gaeilge 2021.

Is é is aidhm do na scoláireachtaí deis a thabhairt do bhaill foirne in institiúidí ardoideachais na hÉireann leabhar taighde i nGaeilge (monagraf, cnuasacha aistí acadúla, srl.) a bhfuil siad ag obair air a thabhairt chun críche lena fhoilsiú. Is fiú €5000 an ceann an dá scoláireacht a bhronnfar – airgead ar féidir leo siúd a mbronnfar scoláireacht orthu a úsáid chun modúil teagaisc a cheannach amach agus am a chruthú dóibh féin chun a saothar a chur i gcrích.

Is sa bhliain 2019 a cuireadh tús le Scoláireachtaí Foilsitheoireachta Léann na Gaeilge. Bronnadh scoláireachtaí ar an Dr Róisín Ní Ghairbhí (MIC) agus an Dr Pádraig Ó Liatháin (DCU) i 2019; agus ba ar an Dr Marcas Mac Coinnigh (QUB) agus an Dr Eilís Ní Dheá (MIC) a bronnadh scoláireachtaí na bliana 2020.

Faightear tuilleadh eolais faoin scéim, agus treoirlínte d’iarratasóirí, anseo

Is é an 1 Feabhra 2021 an spriocdháta d’iarratais.