Skip to main content

Máistir-rang do mhic léinn iarchéime le Fionntán de Brún

Ar an 24 Feabhra 2024, tháinig mic léinn iarchéime ó gach cearn den tír chuig Acadamh Ríoga na hÉireann le haghaidh máistir-rang a d’eagraigh Coiste Léann na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh.

Bhain an máistir-rang, faoi stiúir Fhionntáin de Brún, le traidisiún na fealsúnachta sa Ghaeilge, go háirithe san ochtú agus sa naoú haois déag. Ina dhiaidh sin thug an rang cuairt ar an leabharlann ARÉ, áit a bhfaca siad lámhscríbhinní cáiliúla ó bhailiúcháin an Acadaimh.

Dúirt Máire Ní Annracháin, Cathaoirleach an Choiste: “Ócáid shuntasach í, a léirigh leanúnachas na Gaeilge ó na meánaoiseanna go dtí an lá inniu. Tá buíochas ag dul don Ollamh Fionntán de Brún, do lucht leabharlainne an Acadaimh, agus do na mic léinn ar fad, a chuir spéis mhór san ábhar agus atá, is léir, thar a bheith tiomanta do léann na Gaeilge.”