Cé muid féin
Is cumann léannta neamhspleách, uile-oileáin é Acadamh Ríoga na hÉireann, a bunaíodh faoi chairt sa bhliain 1785. Tá tuairim is 680 comhalta ann, agus iad roghnaithe mar gheall ar na héachtaí atá déanta acu mar scoláirí agus mar thaighdeoirí sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sa tseirbhís phoiblí. Is trína dtoghadh a roghnaítear na comhaltaí agus glactar leis nach bhfuil aon onóir acadúil eile in Éirinn ar chomhchéim léi.
Comhaltas
Tá tuairim is 680 Comhalta san Acadamh faoi láthair (98 Comhalta Oinigh san áireamh), agus iad tofa mar aitheantas ar a n-éachtaí acadúla. Níl aon onóir acadúil eile in Éirinn ar chomhchéim le comhaltas leis an Acadamh.