Gairmeacha
Tá Roinn Acmhainní Daonna Acadamh Ríoga na hÉireann tiomanta don leibhéal is airde seirbhíse a sholáthar don Acadamh, dá fhoireann agus don phobal, trína ról maidir le foireann den chaighdeán is airde a mhealladh, a choinneáil agus a spreagadh. Áirithíonn an Roinn AD go mbíonn beartais, prótacail agus nósanna imeachta cuí a léiríonn an cleachtas is fearr i bhfeidhm chun cabhrú le bainisteoirí agus iad a threorú maidir le hearcaíocht, imlonnú, forbairt agus bainistiú foirne. Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann.
Conas iarratas a dhéanamh?
Déantar gach post leis an Acadamh a fhógairt ar ár suíomh gréasáin, ar shuíomh gréasáin PoistPhoiblí agus ar na meáin shóisialta. Cuirtear iarratais isteach go díreach ar ríomhphost i gcomhréir leis na treoirlínte sa phost fógartha. Déanfar iarrthóirí a ghearrliostú ar bhonn an eolais atá ina n-iarratas.
Tabhair faoi deara, mura gcomhlíontar riachtanais déanta iarratais, go measfar an t-iarratas a bheith neamhbhailí. Iarrtar ort a chinntiú go n-úsáideann tú seoladh ríomhphoist bailí a sheiceáiltear go minic. Cuirfear admháil chuig an seoladh ríomhphoist chun a chur in iúl go bhfuarthas an t-iarratas agus mar mhodh teagmhála príomha chun dul i dteagmháil le hiarratasóirí.
Cuirtear in iúl d’iarrthóirí go gcloífear leis an dáta agus leis an am deiridh go docht daingean. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. Tabhair faoi deara go bhfuil an dualgas ar an iarratasóir a chinntiú go bhfaightear iarratais roimh dháta agus am dúnta iarratais.
Ná glactar le hiarratas a ghlacadh ó dhuine ar mian leis a bheith ina chomhalta toimhdean ná le cuireadh chun freastal ar agallamh ná le haon mhodh roghnúcháin ar bith eile mar admháil ón eagraíocht go bhfuil na cáilíochtaí sonraithe ag an iarratasóir.
Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú
Tá Acadamh Ríoga na hÉireann tiomanta do chothromas, éagsúlacht agus ionchuimsiú a spreagadh i measc ár lucht saothair, deireadh a chur le hidirdhealú neamhdhleathach, agus cultúr oscailte ionchuimsitheach a chothú ina mothaíonn gach duine go bhfuil meas air. Is é an aidhm go mbeidh ár lucht saothair ina léiriú ar an tsochaí agus go mothóidh gach fostaí go bhfuil meas air agus go bhfuil sé in ann cur le cúrsaí chomh maith agus is féidir leis.
Creideann an tAcadamh go dtéann glacadh le cothromas agus éagsúlacht san ionad oibre chun sochair an Acadaimh, fostaithe aonair, rannáin agus páirtithe leasmhara ar aon. Déanann an tAcadamh a dhícheall timpeallacht ionchuimsitheach agus thacúil a chothú inar féidir le gach fostaí bláthú agus a lánacmhainneacht a bhaint amach, beag beann ar dhifríochtaí, taithí nó oideachas. Ach leas a bhaint as an réimse leitheadach dearcthaí a thugann an éagsúlacht seo léi, cuirtear le nuálaíocht agus cuidíonn sé linn a bheith níos cruthaithí agus ár gcuspóirí straitéiseacha á mbaint amach againn.
Níl an Cothromas agus an Éagsúlacht idir-mhalartaithe, tá siad idirspleách. Ní féidir comhionannas deiseanna a bheith ann gan meas a bheith ar an éagsúlacht, gan leas a bhaint aisti agus gan í a chur san áireamh.
Read more about the Academy’s EDI
Inbhuanaitheacht
Tá Acadamh Ríoga na hÉireann tiomanta don inbhuanaitheacht agus do ghníomhaíocht ar son na haeráide. Ós comhlacht poiblí é, ní foláir don Acadamh cloí leis na bearta sa Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide san Earnáil Phoiblí. Ní hamháin go bhfuil an tAcadamh tiomanta dá chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, tá sé tiomanta dul níos faide ná sin. Geallann Acadamh Ríoga na hÉireann freisin go mbeidh sé ina eagraíocht atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050 in éindí le roinnt acadaimh eile. Déanann an tAcadamh a dhícheall moltaí dea-chleachtais maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide ó chomhthéacsanna comhchosúla a chur san áireamh agus iad a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta. Cuirtear oiliúint ar fhoireann an Acadaimh maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta agus gníomhaíochtaí ar son na haeráide, agus tugtar cuireadh dóibh smaointe a roinnt maidir le tionscnaimh.
Tá Foireann Ghlas curtha ar bun ag Acadamh Ríoga na hÉireann a chuimsíonn baill foirne ó go leor ranna agus grád. Gríosaíonn an Fhoireann Ghlas cúrsaí inbhuanaitheachta ar fud na heagraíochta. Eagraíonn an Fhoireann Ghlas imeachtaí feasachta don fhoireann, comhordaíonn sí gníomhaíocht na foirne ar shaincheisteanna aeráide agus cuireann sí le tuairisciú an Acadaimh.