Rannóg: Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Cineál conartha: Téarma seasta
Fad ama: B’fhearr go mór dá mbeadh an té a n-éireoidh leis nó léi in ann tosú i mí Eanáir 2025 agus tiocfaidh an ról chun deiridh an 31 Nollaig 2025
Tuairisciú do: Comhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta
Léargas Ginearálta
Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta ilbhliantúil um Thaighde Oscailte eisithe ag NORF agus ciste curtha ar fáil ag an Údarás um Ard-Oideachas agus ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun gníomhartha sa phlean a chur chun cinn trí shraith glaonna ar thograí. Is í an Taisclann eagraíocht chomhordaithe NORF agus tá an ciste sin á bhainistiú aici. Féach: https://norf.ie/
Bonneagar náisiúnta le haghaidh na n-ealaíon, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta í Taisclann Dhigiteach na hÉireann, arb aidhm léi sonraí digiteacha sóisialta agus cultúrtha na hÉireann a bhuanchoimeád agus rochtain orthu a chinntiú. Tá sé deimhnithe gur taisclann iontaofa í, leis. Ina theannta sin, feidhmíonn sí mar mhol pobail le haghaidh beartais, abhcóideachta, oiliúna agus dea-chleachtais sa bhuanchoimeád digiteach, sa chartlannú digiteach, i mbainistíocht sonraí FAIR agus san Eolaíocht Oscailte. In Acadamh Ríoga na hÉireann atá ceannáras na Taisclainne lonnaithe. Féach: https://dri.ie/
Is maoiniú poiblí a fhaigheann Acadamh Ríoga na hÉireann go príomha, eagraíocht a bunaíodh chun an léann sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Tá an plean straitéiseach is déanaí de chuid an Acadaimh, a bhaineann leis an tréimhse ó 2024 go 2028, ar fáil anseo: https://www.ria.ie/2024/09/16/strategic-plan-2024-28/
Príomhchuspóir an róil
Tacóidh an tOifigeach Tacaíochta Taighde Oscailte leis an gComhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an Taighde Oscailte. Leagtar amach sa phlean sin cuspóirí agus gníomhartha le haghaidh na chéad chéime eile d’aistriú na hÉireann i dtreo an Taighde Oscailte. Rannchuideoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi leis an athbhreithniú sin ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an Taighde Oscailte agus cinnteoidh ag an am céanna go ndéantar gníomhaíochtaí maoinithe a riar go héifeachtach, go ndéantar éascaíocht ar chomhordú agus ailíniú trastionscadail agus go ndéantar idirchaidreamh le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Cabhróidh sé nó sí le cumarsáid agus for-rochtain NORF, leis. Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi bunaithe i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann in Acadamh Ríoga na hÉireann agus oibreoidh sé nó sí as lámha a chéile leis an gComhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta agus le foireann NORF.
Príomhfhreagrachtaí
Is iad seo a leanas na freagrachtaí a bheidh ar an Oifigeach Tacaíochta Taighde Oscailte:
- Oibriú go dlúth leis an gComhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta chun tacú leis an athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um an Taighde Oscailte
- Tacú leis an Taisclann na dualgais atá uirthi i dtaobh NORF a chomhlíonadh, lena n-áirítear riarachán leanúnach (airgeadas, faireachán, meastóireacht) na dtionscadal arna maoiniú ag Ciste Taighde Oscailte NORF
- Idirchaidreamh a dhéanamh le tionscadail NORF le tacú le dul chun cinn na dtionscadal ar leith, dul chun cinn a thomhas i gcoinne chuspóirí agus tosaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta, agus éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú idir tionscadail mhaoinithe
- Tacú leis an timthriall iomlán bainistíochta imeachtaí, idir phleanáil, lóistíocht agus reáchtáil príomhimeachtaí, ar nós NORFest 2025
- Príomhardáin sheachtracha chumarsáide a bhainistiú agus eolas a chur suas orthu, lena n-áirítear láithreán gréasáin NORF, nuachtlitir NORF agus na cuntais atá ag NORF ar na meáin shóisialta
- Tacaíocht rúnaíochta a thabhairt do na grúpaí athbhreithnithe agus rialachais a bheidh ag teacht le chéile in 2025
- Dualgais eile a chomhlíonadh de réir mar a mheasfaidh an Comhordaitheoir Náisiúnta Taighde Oscailte is cuí, laistigh de scóip an róil
Note: Le bheith cáilithe, is gá d’iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a dtairgfear aon phost dó nó di. Níl sa tsonraíocht poist seo ach treoir ar réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart féachaint air mar liostú cuimsitheach. D’fhéadfadh sé go n-athrófaí an tsonraíocht poist seo i gcás go dtiocfadh struchtúir nua isteach agus / nó go dtiocfadh athrú ar riachtanais an Acadaimh.
Cáilíochtaí riachtanacha
- Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín a bhaineann le hábhar
- Taithí trí bliana ar a laghad i bhfeidhm bainistíochta tionscadal nó oibríochtaí, lena n-áirítear riarachán airgeadais (m.sh. buiséid a bhainistiú, próisis tairisceana, srl.)
- An cumas chun oibriú go neamhspleách agus le foireann níos leithne chun príomhimeachtaí agus príomhchláir a chur ar fáil
- An cumas soiléir chun oibriú le páirtithe leasmhara éagsúla i dtreo comhspriocanna agus dul i ngleic le constaicí ar a chonlán féin
- Fianaise ar scileanna cumarsáide pearsanta den scoth, agus an cumas soiléir chun caidreamh a chothú le raon leathan páirtithe leasmhara agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach leo
- Fianaise ar scileanna cumarsáide scríofa den scoth, go háirithe i scríobh tuairiscí
Cáilíochtaí inmhianaithe
- Tuiscint shoiléir ar bheartais agus ar chleachtais an Taighde Oscailte/na hEolaíochta Oscailte i gcomhthéacs taighde
- Eolas ar an gcóras ardoideachais agus ar an timpeallacht taighde in Éirinn
- Taithí ar ardáin agus bealaí cumarsáide a bhainistiú, lena n-áirítear láithreáin ghréasáin agus na meáin shóisialta
- Taithí ar imeachtaí náisiúnta a reáchtáil Cumas sa Ghaeilge
Tuarastal: Beidh an tuarastal ar Scála an Bhainisteora Shinsearaigh Clár, is é sin €52,588 – €69,884. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gur ag bun an scála a thosófar agus go bhféadfar an ráta luach saothair a choigeartú ó am go chéile de réir bheartas pá an Rialtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh pá éagsúil agus coinníollacha éagsúla i gceist más rud é, díreach roimh an gceapachán, gur státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí atá ag fónamh faoi láthair an té a cheapfar.
Uaireanta Oibre: Is iad na gnáthuaireanta oibre 35 uair sa tseachtain.
Ní dhéantar íocaíochtaí ragoibre as freastal breise. Má thagann freastal breise chun cinn mar sin féin, glantar é trí am saor ina ionad ag amanna a chomhaontaítear roimh ré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Tá an ról seo oiriúnach d’obair chumaisc.
Saoire: Is é 25 lá in aghaidh na bliana an teidlíocht saoire bliantúla, pro rata i gcás tréimhsí níos giorra. Tá teidlíocht chun saoire le haghaidh laethanta saoire poiblí de réir théarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an dara rogha ann ach suas le ceithre lá saoire bliantúla a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta i gcomhair na Nollag.
Sochair Fostaithe: Ar shamplaí de chuid dár sochair reatha d’fhostaithe tá:
- Teidlíocht fhlaithiúil saoire bliantúla
- Beartais a thacaíonn le teaghlaigh
- Beartas um obair chumaisc
- Scéim sochair optúil a bheith ar fáil
- Scéim um rothaíocht chun na hoibre a bheith ar fáil
- Réimse deiseanna foghlama agus forbartha
- Beartas um shaoire bhreoiteachta
- Saoire mháithreachais, uchtála agus atharthachta le pá
- Curtha isteach go huathoibríoch i scéim pinsin
- Clár cúnaimh d’fhostaithe
Scrúdú Dochtúra: Rachaidh ball foirne, más gá, agus ar chostas an Acadaimh, faoi scrúdú dochtúra arna dhéanamh ag lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe ag an Acadamh agus údaróidh sé nó sí don lia-chleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus na nithe a eascraíonn as a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh ionas gur féidir leis an Acadamh fáil amach faoi aon nithe a d’fhágfadh, dar leo, nach mbeadh ball foirne in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh i gceart.
Pinsean: Cuirfear sonraí na scéime pinsin cuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an té a cheapfar.
Ranníocaíochtaí le Pinsean Buan: Tá an ceapachán seo faoi réir na Ranníocaíochta Aoisliúntais Bhreise (ASC), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.
An Próiseas Déanta Iarratais
Ní mór an t-iarratas comhlánaithe, é ina chomhad leictreonach amháin (agus na doiciméid go léir i ndoiciméad Word amháin), a chur faoi bhráid recruitment@ria.ie san ord mar atá leagtha amach thíos:
- Litir chlúdaigh ghairid a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost (700 focal ar a mhéad)
- Curriculum vitae ina ndéantar achoimre ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí ábhartha (4 leathanach ar a mhéad)
Déanfar iarrthóirí a ghearrliostú ar bhonn an eolais atá ina n-iarratas.
Tabhair faoi deara, mura gcomhlíontar riachtanais déanta iarratais, go measfar an t-iarratas a bheith neamhbhailí.
Dáta deiridh: 3pm, 18.12.2024. Ní chuirfear iarratais dhéanacha san áireamh.
Tabhair faoi deara go mbeidh ceisteanna bunaithe ar inniúlachtaí san agallamh seo.
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara gur féidir painéil a chur ar bun a úsáidfear le poist a líonadh amach anseo.
Ní ghlacfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann le haon fhreagracht as aon chostas arna thabhú ag iarrthóirí a aisíoc.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann.