Rialachas
Is cumann léannta neamhspleách, uile-oileáin é Acadamh Ríoga na hÉireann, a bunaíodh faoi chairt sa bhliain 1785. Tá tuairim is 680 comhalta ann, agus iad roghnaithe mar gheall ar na héachtaí atá déanta acu mar scoláirí agus mar thaighdeoirí sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sa tseirbhís phoiblí. Is trína dtoghadh a roghnaítear na comhaltaí agus glactar leis nach bhfuil aon onóir acadúil eile in Éirinn ar chomhchéim léi.
Tá an tAcadamh faoi rialú ag uachtarán agus Comhairle, arna dtoghadh, de réir na Cairte bunaidh, ag na Comhaltaí eile ag cruinniú ginearálta a reáchtáiltear san earrach gach bliain.
Leagtar amach sa Chairt Ríoga (1786) na struchtúir rialachais uileghabhálacha atá fós ann sa lá atá inniu ann, agus déantar foráil sna fodhlíthe do na rialacha agus na rialacháin faoina n-oibrímid. Léigh An Chairt agus Fodhlíthe.
Reáchtálann Comhairle comhaltaí an tAcadamh. Tá an Chomhairle freagrach don Acadamh as a rialachas ginearálta agus as an treoir straitéiseach, agus tá aon Chomhalta dhéag uirthi mar ionadaithe na ndisciplíní Eolaíochta agus deichniúr mar ionadaithe na nDaonnachtaí (ar a dtugtar an Litríocht Nósmhar agus na Seandachtaí). Is é an tUachtarán Ceannaire na Comhairle, agus faigheann sé tacaíocht ó na hOifigigh, ón Leas-Uachtarán Sinsearach agus ó na Leas-Uachtaráin.
Áirítear le coistí foirmiúla rialachais na Comhairle an Coiste Gnó, an Coiste Iniúchta agus Riosca, agus an Coiste Airgeadais agus Infheistíochta. Tá an Stiúrthóir Feidhmeach agus an fhoireann ardbhainistíochta freagrach as bainistíocht, rialú agus stiúradh Acadamh Ríoga na hÉireann ó lá go lá. Ní mór don Stiúrthóir agus don fhoireann ardbhainistíochta an treo straitéiseach leathan atá ceaptha ag an gComhairle a leanúint agus a chinntiú go mbíonn tuiscint shoiléir ag comhaltaí uile na Comhairle ar na príomhghníomhaíochtaí agus príomhchinntí a bhaineann le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Feidhmíonn an tAcadamh faoi chomhaontú maoirseachta leis an Údarás um Ardoideachas agus cloíonn sé leis an ‘Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú’ (2016).