Stair an Acadaimh
Bunaithe in 1785, is é an tAcadamh príomhchumann léannta na hÉireann. Ba é Iarla Charlemont a chéad uachtarán. Dhearbhaigh a chairt ríoga, a bronnadh an bhliain dár gcionn, gurb iad na haidhmeanna a bhí ag an Acadamh ná na heolaíochtaí, an litríocht nósmhar agus na seandachtaí a chur chun cinn agus a fhiosrú, chomh maith le plé agus díospóireacht a spreagadh idir scoláirí ó chúlraí agus ó réimsí spéise éagsúla.
Bhí sé de chúram ar an Acadamh sna luathbhlianta deis a sholáthar chun staidéar ársaíochta a fhorbairt agus ba é an chéad chumann in Éirinn ar éirigh leis cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na n-eolaíochtaí agus na ndaonnachtaí araon. Ón tús, bhí aon chomhalta dhéag ar chomhairle an Acadaimh mar ionadaithe na ndisciplíní eolaíocha agus deichniúr mar ionadaithe na ndaonnachtaí, agus iad faoi stiúir uachtarán. Ceaptar an t-uachtarán ar bhonn sealaíochta gach trí bliana, idir ionadaí ó na heolaíochtaí agus ionadaí ó na daonnachtaí.
Ag an gcruinniú cinn bliana, toghann comhaltaí an t-uachtarán, na hoifigigh agus comhaltaí na comhairle a dhéanfaidh maoirseacht ar ghnó an Acadaimh. Is comhlacht uile-Éireann é an tAcadamh, a eagraíonn comhdhálacha, dioscúrsaí agus léachtaí poiblí, agus a dhéanann taighde, le cúnamh ó thart ar 80 ball foirne. Chomh maith le tuairim is 680 comhalta, tá níos mó ná 90 comhalta oinigh ann, leithéidí Edmund Burke, Charles Darwin, Enrico Fermi, Max Planck, Maria Edgeworth, Theodor Mommsen, Albert Einstein agus Max Born san am atá thart.
Ar dtús, bhí an tAcadamh lonnaithe ag 114 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath (taobh le Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ag an am), ach ar na cúiseanna ar aistrigh sé in 1851 go dtí an t-áitreabh níos fairsinge ag 19 Sráid Dawson, teach breá a thóg an Tiarna Northland i lár an ochtú haois déag, bhí síormhéadú a bhailiúcháin seaniarsmaí. Cuireadh an Seomra Léitheoireachta agus an Seomra Cruinnithe ar chúl leis idir 1852-4. Agus súil le Cumann na Breataine ag teacht go Baile Átha Cliath in 1857, d’eagraigh William Wilde taispeántas nua d’earraí an mhúsaeim agus d’ullmhaigh catalóg nuálach de sheaniarsmaí (1857-62). In 1890, aistríodh an bailiúchán iomlán go dtí an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne nua i mBaile Átha Cliath (mar atá Ard-Mhúsaem na hÉireann anois), agus iad á gcoinneáil faoi choimeád an Acadaimh faoi choinníollacha áirithe. Áiríodh leis an ábhar sin cuid de na seoda is cáiliúla sa tír, amhail Cros Chonga, Dealg na Teamhrach, agus an Chailís Ardach; tugadh nó tiomnaíodh cuid acu siúd don acadamh, ceannaíodh cuid eile le síntiúis ó chomhaltaí aonair.
Bhí Wilde ar dhuine den iliomad daoine mór le rá a chuir le cáil an Acadaimh sna daonnachtaí le linn an naoú haois déag; i measc na ndaoine eile bhí George Petrie, ‘bunaitheoir seandálaíochta na hÉireann’, Edward Hincks, duine a rinne dul chun cinn suntasach maidir le hiairiglifí na hÉigipte agus na scripteanna dingchruthacha a scaoileadh, agus John O’Donovan, scoláire Éireannach mór le rá agus eagarthóir ar an gcéad leagan foilsithe de Annála na gCeithre Máistrí. Bhí an mhatamaitic agus an fhisic ina réimsí nirt i gcónaí, go háirithe sa naoú haois déag, nuair a rinne Sir William Rowan Hamilton dul chun cinn suntasach san optaic agus sa dinimic agus, trí aimsiú ceathairníon, i dteoiric ailgéabair. Foilsíodh saothar bailithe Hamilton faoi choimirce an Acadaimh. Ba iad na hacadamhaithe J.L. Synge, a raibh tionchar ar leith ag a chuid oibre ar an ngaolmhaireacht ar chúrsaí, agus A.W. Conway, a bhí ina speisialtóir ar an ngaolmhaireacht freisin, a bhí mar eagarthóirí ar an gcéad imleabhar. Bhí an t-aon bhuaiteoir Éireannach suntasach sa réimse eolaíochta ar ghradam Nobel, Ernest Walton, ar dhuine de na fisiceoirí ba mhó le rá san acadamh, agus ba bhall oinigh é Erwin Schrödinger (1887-1961), teoiricí candaim a raibh sainchónaí sealadach air i mBaile Átha Cliath agus a chuir Éire ar an eolas faoin bhfisic nua-aimseartha sna léachtaí a thug sé san acadamh idir 1939-40.
Ó cuireadh tús leis an acadamh, is mór an acmhainn taighde a bhí ina leabharlann dóibh siúd a dhéanann staidéar ar ghnéithe de stair, seandálaíocht, teanga, cultúr agus stair dhúlra na hÉireann. Cuimsíonn na bailiúcháin uathúla bailiúchán fíorluachmhar de phaimfléid ón seachtú go dtí an naoú haois déag a thiomnaigh Charles Haliday, ceannaí ó Bhaile Átha Cliath, agus leabharlann Thomas Moore, a thug a bhaintreach don acadamh. Tá cnuasach an-luachmhar leitheadach de thréimhseacháin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo sa leabharlann chomh maith le neart teideal a bhaineann le hÉirinn. Níos tábhachtaí fós tá na lámhscríbhinní atá ann, lena n-áirítear Cathach Cholmcille, rud a bhfuil clú agus cáil air. Go deimhin tá an cnuasach is mó de lámhscríbhinní Gaeilge atá in aon taisclann amháin le fáil sa leabharlann. Ar na saothair is suntasaí dóibh siúd tá Lebor na hUidre (thart ar 1100), an Leabhar Breac – leabhar a tháinig níos déanaí sa mheánaois, Leabhar Bhaile an Mhóta, agus Annála na gCeithre Máistrí. Chuir gríosú an Acadaimh chun lámhscríbhinní dá leithéid a chaomhnú, agus fostú scríobhaithe chun cinn eile a chóipeáil ina dhiaidh sin, le borradh i léann na hÉireann, borradh a tógadh ar an mbonn a leagadh sna luathbhlianta, tráth ar toghadh scoláirí Éireannacha, go mór mór Charles O’Conor ó Bhéal Átha na gCarr. D’aimsigh na glúnta ina dhiaidh sin ábhar na lámhscríbhinní seo an athuair agus bhain brí astu trí obair cheannródaíoch scoláirí mar Eugene O’Curry agus John O’Donovan i gcomhar leis an acadamh. San fhichiú haois, díríodh súile idirnáisiúnta ar an acadamh freisin mar gheall ar a spéis i seanlitríocht agus teanga na Gaeilge, trína leithéid de scoláirí iontacha mar Rudolf Thurneysen, Kuno Meyer, agus Carl Marstrander. Tá cur síos cuimsitheach ar stair na leabharlainne agus ar na bailiúcháin inti le fáil in Treasures of the Royal Irish Academy Library (2009).
Tá spéis leanúnach an Acadaimh i Léann na hÉireann le sonrú sna foilseacháin a cuireadh amach thar na blianta, lena n-áirítear sraith de lámhscríbhinní macasamhlacha, Todd Lecture Series, an iris Ériu (a ghlac an tAcadamh ar láimh ón School of Irish Learning in 1926), Atlas of Ireland (1979), agus Foclóir na Gaeilge (1913-76). Thosaigh sár-irisí an Acadaimh le Transactions (1787-1907), agus cuireadh leis sin in 1836 le Proceedings, a fhoilsítear anois i dtrí roinn ar leith: Roinn A: an mhatamaitic; an Bhitheolaíocht agus an Timpeallacht, agus Roinn C, roinn a chlúdaíonn na daonnachtaí. I measc na dtréimhseachán eile tá Irish Journal of Earth Sciences agus Irish Studies in International Affairs. Tá irisleabhair uile an Acadaimh ar fáil go leictreonach anois. Tá go leor monagraf curtha i dtoll a chéile ag an acadamh freisin ar ábhair éagsúla, ina measc New Survey of Clare Island, nuashonrú ar staidéar bunlíne críochnúil 1909-11, a rinneadh faoi mhaoirseacht an acadamhaí, Robert Lloyd Praeger. I measc na bhfoilseachán eile tá sraith monagraf a dhéanann measúnú ar an méid a chuir daoine mór le rá i réimse na polaitíochta le hÉirinn an lae inniu (Judging Dev, Judging Lemass) chomh maith le teidil ar sheandálaíocht agus ar stair na hÉireann (e.g., Our war, Historical Knowth…).
Tugtar faoi roinnt Cláir Thaighde thábhachtacha i dTeach an Acadaimh, lena n-áirítear Foclóir na Nua-Ghaeilge, Dictionary of Irish Biography, Cáipéisí a bhaineann le Beartas Eachtrach na hÉireann, tionscadal leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann, agus Foclóir Laidin na Meánaoise ó Fhoinsí Ceilteacha, chomh maith le hAtlas Bailte Stairiúla na hÉireann.
Tugann deich gcoiste a chuimsíonn réimse disciplíní scoláirí ó gach cearn d’Éirinn le chéile chun ábhair chomhleasa a phlé ag an leibhéal is airde. Tá naisc ag an acadamh le comhinstitiúidí i dtíortha eile agus is é ionadaí na hÉireann ar go leor cumann léannta idirnáisiúnta, chomh maith le bheith ina rannpháirtí i roinnt tionscadail taighde idirnáisiúnta. Cuireann sé comhairle beartais ar an Rialtas freisin agus tá tuarascálacha agus plécháipéisí suntasacha foilsithe aige. Tá an tAcadamh maoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas agus tá maoiniú seachtrach faighte aige ó réimse urraitheoirí agus fondúireachtaí príobháideacha a chuir ar a chumas an Acadaimh taighde a chur chun cinn agus oibriú le hoideachasóirí, le taighdeoirí agus leis an bpobal ar leas oileán na hÉireann.
* Tá ábhar an phíosa seo bunaithe ar iontráil in Encyclopaedia of Ireland, agus athfhoilsítear anseo é le caoinchead ón bhfoilsitheoir agus ón údar – Peter Harbison, ‘Royal Irish Academy’, in Brian Lalor (eag.), Encyclopaedia of Ireland (Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan, 2003), 948-9.