Is plean uaillmhianach é Plean Straitéiseach 2024-28 an Acadaimh agus tá comhoibriú ina phríomhchumasóir ann. Leanfaimid orainn ag obair le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a bhfuil na tosaíochtaí agus na luachanna céanna acu is atá againn. Is eol dúinn ó aon phríomhchaidreamh atá ann cheana le ranna rialtais, comh-acadaimh agus institiúidí cultúrtha agus léannta eile gur trí chomhobair chomhpháirtíochta, idir idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach, is féidir linn eolas agus acmhainní a chur le chéile agus smaointe nua a bhrú ar aghaidh. Tá tuilleadh tacaíochta ann don aidhm sin trí thimpeallacht ionchuimsitheach agus shaibhrithe a chruthú ina bhfuil dearcthaí éagsúla. Leanfaidh an tAcadamh ar aghaidh ag cur leis an saothar atá curtha i gcrích cheana féin i ndáil le comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú. Beidh iarrachtaí leanúnacha i gceist lenár dtiomantas don bharr feabhais ionchuimsitheach chun ár mballraíocht, painéil mheasúnaithe, coistí agus cláir bheartais agus rannpháirtíochta poiblí a dhéanamh níos éagsúla, trí chur chuige trasnach a ghlacadh i leith sochaí iomlán na hÉireann a léiriú ar bhealach níos fearr.
Tá rún daingean ag Acadamh freisin acmhainní Gaeilge a fhorbairt agus a chaomhnú, agus coinneoimid orainn ag lánpháirtiú na Gaeilge lenár ngníomhaíochtaí agus cumarsáid, agus ceann de phríomhaidhmeanna na straitéise náisiúnta don Ghaeilge 2010–30 á fhíorú leis sin.
Tá ár bplean straitéiseach eagraithe timpeall ar cheithre phríomhsprioc, lena bhfeabhsóimid ár dtionchar ar cheisteanna lena mbaineann tábhacht náisiúnta agus ar bheartas trí úsáid mhéadaithe a bhaint as ár mballraíocht agus trí chomhpháirtíochtaí le scoláirí, lucht ceaptha beartais, fiontraithe agus an tsochaí shibhialta. Thairis sin, leanfaimid orainn ag díriú ar aitheantas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar an mbarr feabhais; taighde a léiriú, a chistiú agus a fhoilsiú; agus tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí luath-ghairmréime trí mheán Acadamh Óg na hÉireann agus trínár gclár deontas.
Táimid oscailte don phobal i gcoitinne agus tugaimid cuireadh duit freastal ar an réimse leathan dioscúrsa, ceardlann agus imeachtaí a bhíonn ar siúl againn.
Pat Guiry, Uachtarán
Is cumann léannta neamhspleách, uile-oileáin é Acadamh Ríoga na hÉireann, a bunaíodh faoi chairt sa bhliain 1785. Is é an príomhchumann léannta in Éirinn é agus tá tuairim is 680 comhalta ann a roghnaíodh mar gheall ar na héachtaí atá déanta acu mar scoláirí agus taighdeoirí sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sa tseirbhís phoiblí.
Déanann comhaltaí an Acadaimh ionadaíocht don Acadamh go hidirnáisiúnta, go háirithe i réimse an taighde agus an ardoideachais, agus cuirimid chun cinn rannpháirtíocht saineolaithe Éireannacha i ngrúpaí idirnáisiúnta a fhreagraíonn do dhúshláin dhomhanda. Táimid inár mball de ghréasáin eolaíocha Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear Comhairle Chomhairleach um Eolaíocht Acadaimh Uile na hEorpa (EASAC), Cónaidhm Uile-Eorpach na nAcadamh (ALLEA), an Chomhairle Idirnáisiúnta Eolaíochta (ISC), an Chomhpháirtíocht Idir-Acadaimh (IAP) agus mar chuid de Mheicníocht um Chomhairle Eolaíocht an Choimisiúin Eorpaigh (SAPEA).