Foclóir Stairiúil na Gaeilge
Tá sé mar aidhm ag Foclóir Stairiúil na Gaeilge foclóir údarásach nua-Ghaeilge a chur le chéile atá bunaithe ar ábhar ón tréimhse c. 1600 ar aghaidh. Tabharfaidh an foclóir léargas dúinn ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal agus na dtéarmaí Gaeilge thar réimse leathan meán: traidisiún saibhir agus éagsúil na lámhscríbhinní in Éirinn idir an seachtú agus an naoú haois déag, úrscéalta agus tréimhseacháin an fhichiú haois, agus taifeadtaí focal labhartha chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta.