Skip to main content

Tá sé beartaithe ag Rialtas na hÉireann tacú linn an foclóir seo a chur ar fáil, mar chuid dá straitéis chun tacú leis an Ghaeilge agus í a chur chun cinn. Faigheann an tAcadamh maoiniú, dá réir sin, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá foireann taighde Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge mar dhlúthpháirt de chultúr taighde an Acadaimh ina iomláine, agus cuireann a gcuid taighde i láthair ag imeachtaí léannta agus mar fhoilseacháin. Déanann siad forbairt agus soláthar ar ghníomhaíochtaí teagmhála ar son an tionscnaimh féin agus i bpáirt le comhghleacaithe taighde ar fud an Acadaimh. Déanann Bord Bainistíochta idirnáisiúnta maoirseacht ar an tionscnamh, agus bíonn cabhair ar fáil ó Ghrúpaí Oibre saineolacha, ina mbíonn an fhoireann eagarthóireachta lánpháirteach de réir a saineolais speisialta féin. Bítear i dteagmháil le tionscnaimh eile foclóireachta agus teangeolaíochta, in Éirinn féin agus go hidirnáisiúnta, agus bíonn comhoibriú ar siúl idir na foirne chun dúshláin chomónta a shárú nuair is féidir sin.

Aidhmeanna

Beidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge ar an bhfoclóir Gaeilge is údarásaí agus is iomláine maidir le húsáid agus le forbairt na Gaeilge le ceithre chéad bliain anuas.

Faoi láthair níl aon fhoclóir údarásach amháin ag an teanga don tréimhse tar éis 1600; cuimsíonn an Dictionary of the Irish Language Based Mainly on Old and Middle Irish Materials(Royal Irish Academy, compact edition 1983, Repr. 1998, 2007) an tréimhse a fhad le 1600/1650 nó mar sin. Tarraingeofar sainmhínithe agus samplaí don Fhoclóir Stairiúil ó fhoinsí scríofa agus labhartha Gaeilge, ó fhoclóirí agus ó chnuasaigh focal ó chanúintí, ó théacsanna filíochta agus próis, eagráin de lámhscríbhinní, agus ó thréimhseacháin agus irisí léannta. Leagfar an Foclóir amach ar bhonn stairiúil, rud a chiallaíonn go mbeidh forbairt agus múnlú na teanga le feiceáil sna hiontrálacha, agus fianaise ina leith sin ar fad ón gCorpas Stairiúil.

Fochorpais

Mar chuid den obair leanúnach ar an chorpas stairiúil a réiteach, bíonn deis ag foireann an Fhoclóra fochorpais a chur ar fáil ar líne, a thugann ardán faoi leith do thréimhseacháin, údair, nó do thacar saindírithe téacsanna a mbeidh spéis ag an bpobal iontu. Tógann seo ar oidhreacht fhoilsithe an tionscadail; foilsíodh foclóirí canúnacha sa tsraith Deascán Foclóireachta le linn na 1980í.

Cuireadh corpas Irisleabhar na Gaedhilge ar fáil i 2016; is féidir ailt a léamh ansin ó phinn na n-údar iomráiteach a chuir bonn faoin iriseoireacht Ghaeilge agus a léiríonn a scríbhinní cuid mhór den smaointeoireacht a thug fuinneamh don Athbheochan. Cuireadh an corpas sin ar fáil le cuidiú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar chuid de chomóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916.

Le cuidiú ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, cuireadh Hidden Words/Focail Fholaithe ar fáil i 2014. Is togra é seo a thugann deis blaiseadh den saibhreas canúna agus teanga atá sa chnuasach a bhailigh Tomás de Bhaldraithe, Seosamh Ó Dálaigh, Séamas Ó Grianna agus eile. Léiríonn an togra seo tábhacht na teanga labhartha agus na gcanúintí don Fhoclóir Stairiúil, i bhfianaise ár gcuspóra léiriú cuimsitheach a thabhairt ar úsáid na Nua-Ghaeilge.

Amach anseo, tá sé beartaithe corpas de litríocht agus de bhéaloideas an Bhlascaoid Mhóir a chur ar fáil, agus foclóir ollmhór canúnach a réitigh an scríbhneoir iomráiteach, Máirtín Ó Cadhain.

Obair Reatha

Ar aon dul leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr, beidh corpas digiteach teanga mar bhunús le haghaidh an foclóir a chruthú, agus anuas air sin beidh an corpas sin mar áis shárluachmhar don taighde sa teangeolaíocht agus sa litríocht idir chomhaimseartha agus stairiúil. Go nuige seo, foilsíodh dréachtchorpas ar líne ina bhfuil ábhar a fhad leis an bhliain 1926, agus uirlisí saindeartha cuardaigh ann, chomh maith le fochorpais spéisiúla.

Chomh maith leis an chorpas mhór stairiúil a bhailchríochnú agus a oiriúnú le haghaidh obair na foclóireachta, tá céimeanna eile á dtionscnamh anois ag foireann eagarthóireachta an tionscadail, mar atá a leanas: corpas cuimsitheach den ábhar béil a chur i dtoll a chéile a dhéanfaidh ionadaíocht chruinn chuimsitheach ar an teanga labhartha, agus é a chur in oiriúint don fhoclóireacht; nasc agus idiroibritheacht a chruthú le foclóir Sean- agus Meán-Ghaeilge an Acadaimh, Dictionary of the Irish Language, Based Mainly on Old and Middle Irish Materials (1976) agus a chomharba digiteach, eDIL (2019), mar aon le corpais eile Gaeilge atá ann nó atá i mbéal forbartha, lena chinntiú go mbeidh leanúnachas ann maidir le foclóireacht údarásach na teanga isteach i dtréimhse na Nua-Ghaeilge; forbairt agus oiriúnú a dhéanamh ar phróiseáil theicniúil an ábhair, agus ar chur i láthair an ábhair sin ar an ghréasán, lena n-áirítear bogearraí scríofa foclóra a aimsiú a bheidh oiriúnach; iontrálacha foclóra a dhréachtadh, bunaithe ar an chorpas dhigiteach chríochnaithe.